Éalú
Matt Ó Maonaigh
File agus fear filíochta go smior é Matt Ó Maonaigh. Tá a shaol go dtí seo caite aige ag cleachtadh na ceirde agus ag cur an fhilíocht chun cinn sa phobal. Tugann an cnuasach seo ardú meanman don léitheoir. Ní cheapfá gurbh é a chéad chnuasach Gaeilge é. Tá na dánta ann gonta, fuinte, snoite, spreagúil agus léiríonn siad dearcadh dearfach an fhile i leith an tsaoil. Tá iontaisí agus míorúiltí an dúlra agus cúrsaí a shaoil féin léirithe go beacht agus go fileata aige.
Ach táimid i mbaclainn an lae . . .
duilleoga tirime ar an dtalamh,
siosarnach le tarraingt na gcos. (Lac Genval)
Tugtar tús áite don ghrá – grá daonna, grá áite agus grá pobail. Léiríonn sé an grá céanna do Chill Chríost i nDeisceart na Gaillimhe, an áit as a dtáinig sé agus a léiríonn sé do Lios Tuathail i gCiarraí, an áit ina bhfuil sé lonnaithe le fada an lá. Tá dán álainn scríofa aige in ómós do laoch na caide, Mick O’ Connell:
Réaltaí na spéire go beoag caochadh súl ar a chéilele meas ar ár laoch, Micko.(Micko)
Is cinnte go bhfáilteofar roimh an gcnuasach breá filíochta seo agus go mbeidh ráchairt air.
Mícheál Ó Ruairc